Chun Snap i gComhrá a scriosadh, brúigh agus coinnigh é agus tapáil 'Scrios.'
Beidh do chairde in ann a fheiceáil gur scriosadh Snap i gComhrá.
Is féidir leat Snap a scriosadh má tá an Snap sna staideanna seo a leanas:
- Seachadta
- Oscailte (ag ball amháin nó gach ball den chomhrá)
Tabhair faoi deara: Nuair a scriosann tú Snap, déanfaimid iarracht é a bhaint as ár bhfreastalaithe agus gléasanna do chairde. Seans nach n-oibreoidh sé seo i gcónaí má tá drochnasc idirlín ag duine éigin, nó má tá seanleagan de Snapchat á rith aige/aici. Sa chás seo, féadfaidh an Snap scriosta a bheith le feiceáil ar feadh tamaill ghairid fós!