Má tá “Ceadaigh Leathanaigh Le Déanaí” ar siúl:
- Bailíonn Snap URL na leathanach a ndearna tú iniúchadh air agus a shábháil tú tríd an mbrabhsálaí san aip seo ionas gur féidir linn do ‘leathanaigh le déanaí’ a thaispeáint duit. Cuirfidh sé seo ar do chumas athchuairt a thabhairt orthu níos déanaí.
- Bailíonn Snap sonraí faoi do ghníomhaíocht ar na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu tríd an mbrabhsálaí san aip seo chun na fógraí a fheiceann tú a fheabhsú agus a phearsantú. Go sonrach, baileoidh Snap sonraí faoin gcaoi a n-idirghníomhaíonn tú le suíomhanna gréasáin ár bhfógróirí agus ár gcomhpháirtithe (mar shampla, má cheannaíonn tú earra nó má bhíonn tú páirteach i gcur chun cinn a fógraíodh ar Snapchat). Úsáidfear é seo chun cabhrú linn féin agus leo feidhmíocht a gcuid fógraí ar Snapchat a thomhas agus ábhar agus spriocdhíriú na bhfógraí seo agus fógraí amach anseo a fheabhsú. Tabhair faoi deara nach mbaineann sé seo le cuntais atá faoi bhun 18 mbliana d'aois sa LEE, sa Ríocht Aontaithe agus san Eilvéis.
Is féidir tuilleadh eolais faoinár mbailiú agus úsáid sonraí le haghaidh fógraí a fháil ar Snap agus Ads.
- Úsáidfidh Snap sonraí faoi do ghníomhaíocht ar na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu tríd an mbrabhsálaí san aip seo freisin chun an t-ábhar a fheiceann tú ar Snapchat a fheabhsú agus a phearsantú. Mar shampla, má thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin ár bhfógróirí agus ár gcomhpháirtithe a bhaineann le spórt, féadfaimid a thuiscint go bhfuil spéis agat sa spórt agus é seo a úsáid chun níos mó ábhar spóirt a thaispeáint duit.
- Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoinár mbailiú agus úsáid sonraí chun ábhar poiblí ar Snapchat a phearsantú ar na leathanaigh tacaíochta seo a leanas: Conas a Rangaímid Ábhar ar Spotlight agus Conas a Rangaímid Ábhar ar Discover.