Conas a oibríonn na suaitheantais suímh ar Snap Map?
Má roinneann tú do shuíomh ar Snap Map, féadfaidh tú suaitheantas speisialta a fheiceáil do do Bitmoji ar an Léarscáil nuair a bhíonn cuma ort go bhfuil tú in áiteanna cosúil le do theach nó do scoil.
Cá bhfeicim na suaitheantais?
B’fhéidir go bhfeicfeá suaitheantas…
- In aice le hainm cara ar an Léarscáil
- Sa bhuntásc Léarscáile (Aimsitheoir Cairde)
- I bhFotha Cairde
- In aice le suíomh cara i gceanntásc Comhrá
Conas a chasfaidh mé na suaitheantais air nó as?
- Téigh chuig do Phróifíl
- Tapáil an deilbhín Socruithe
- Scrollaigh síos go dtí an rannán “Aip & Príobháideacht”, ansin tapáil ‘Mo Phríobháideacht & Mo Shonraí’
- Tapáil ‘Léarscáil’
- Cuir suaitheantas air nó as
Tabhair faoi deara le do thoil:
- Ní féidir ach le cairde a roinneann tú do shuíomh leo do shuaitheantais a fheiceáil — agus ní fheicfidh tú a suaitheantais ach amháin má roinneann siad a suíomh leat.
- Ní féidir leat suíomh scoile a roghnú ná a chur in eagar