Má fheiceann tú cearnóg dhearg nó corcra ar scáileán Cairde, ciallaíonn sé sin gur sheol cara Snap chugat. Níl le déanamh ach tapáil chun é a fheiceáil.
Má fuair tú roinnt Snaps, imreofar iad san ord inar seoladh chugat iad. Léiríonn an ciorcal ag an mbarr duit cé mhéad ama atá fágtha agat le breathnú. Is féidir leat tapáil chun dul go dtí an chéad Snap eile, nó svaidhpeáil síos chun an ceann atá oscailte agat a dhúnadh.
Más mian leat gach Snap a fheiceáil ceann ar cheann, svaidhpeáil ar dheis ar ainm do chara ar scáileán na gCairde chun dul isteach i gComhrá. Ansin, tapáil gach Snap is mian leat a fheiceáil.
Agus an Snap á fheiceáil agat, féadfaidh tú “Uaslódáil Meán” a fheiceáil sa chúinne uachtarach ar chlé. Ciallaíonn sé seo go bhfuil meáin sa Snap (cosúil le híomhá nó físeán) a tógadh roimhe seo, ar Snapchat nó ar ardán eile. Mar shampla, d’fhéadfá é seo a fheiceáil má fhéachann tú ar Snap a rinneadh le Lionsa a úsáideann íomhá ó Rolla Ceamara.