Mura féidir leat logáil isteach i Snapchat, agus má fheiceann tú teachtaireacht go bhfuil do líonra blocáilte, b’fhéidir gur bhraith Foireann Snapchat gníomhaíocht amhrasach ó do sheoladh IP, nó úsáid VPN.
Is uimhir uathúil í seoladh IP atá ag gach gléas atá ceangailte leis an idirlíon — cosúil le seoladh poist, ach le haghaidh sonraí ar líne.
Is líonra príobháideach fíorúil é VPN, agus is féidir é a úsáid chun ceangal leis an idirlíon le haghaidh príobháideachta breise.
Cad atá le Déanamh Má Tá Do Líonra Blocáilte
De ghnáth bíonn bloc seoladh IP sealadach.
Nuair nach mbraitear an ghníomhaíocht amhrasach a thuilleadh, ba chóir go n-imeodh an bloc leis féin ag am éigin. Bí foighneach.
Cúiseanna a bhféadfadh líonra a bheith blocáilte
D’fhéadfadh líonra a bheith blocáilte go sealadach mar gheall ar sheoladh turscair, úsáid Snapchat ar bhealaí toirmiscthe eile, nó úsáid VPN (líonra príobháideach fíorúil).
Féach ar Threoirlínte Pobail Snapchat le haghaidh tuilleadh eolais.
Mura raibh aon ghníomhaíocht thoirmiscthe ó do chuntas Snapchat, b’fhéidir gur tháinig an ghníomhaíocht ó dhuine eile a bhí ag baint úsáide as do nasc idirlín.
Cinntigh nach bhfuil aon duine ar do líonra ag seoladh turscair trí Snapchat, nó ag baint úsáide as an aip ar bhealaí toirmiscthe eile.
Leideanna Má Tá Do Líonra fós Blocáilte
Seo an méid is féidir leat a dhéanamh mura féidir leat logáil isteach i Snapchat mar gheall go bhfuil do líonra fós blocáilte:
- Bí cinnte Treoirlínte Pobail Snapchat a leanúint
- Athraigh go nasc Wi-Fi difriúil
- Múch Wi-Fi agus bain úsáid as sonraí soghluaiste
- Má tá do ghléas ar VPN, díchumasaigh é agus logáil isteach i Snapchat arís.
Má tá deacracht agat fós logáil isteach i Snapchat, féach ar na leideanna fabhtcheartaithe eile seo le haghaidh fadhbanna logála isteach.