Má tá Bitmoji agat cheana féin agus ba mhaith leat é a nascadh le Snapchat…
- Íoslódáil na leaganacha is déanaí de Snapchat agus Bitmoji ar do ghuthán
- Oscaip an aip Bitmoji
- Tapáil ar an ndeilbhín giair sa chúinne ag an mbarr ar dheis
- Scrollaigh síos chun ‘Nasc le Snapchat’ a aimsiú
- Tapáil ‘Lean ar aghaidh’ chun do chuntas Bitmoji a nascadh le Snapchat!
- Má tá Bitmoji nasctha le do chuntas cheana féin, ní bheidh tú in ann cuntas Bitmoji eile a nascadh go dtí go ndínasfaidh tú do chuntais.
Tabhair faoi deara: Má cruthaíodh do chuntas Bitmoji trí logáil isteach Snapchat, bíonn sé ina chuntas Bitmoji neamhspleách atá ceangailte le do r-phost tar éis duit dínascadh. Ní féidir leat uimhir theileafóin a chur leis ná a úsáid chun logáil isteach sa chuntas Bitmoji sin. Úsáid an ríomhphost atá ar an gcuntas chun síniú isteach nó rochtain a aisghabháil.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Athraigh Ríomhphost ar mo Chuntas Bitmoji.
Chun do Bitmoji a bhaint de do chuntas Snapchat…
- Tapáil deilbhín an Phróifíle ag an mbarr chun dul chuig do scáileán Próifíle
- Tapáil ar an ndeilbhín giair sa chúinne ag an mbarr ar dheis
- Scrollaigh síos agus tapáil ‘Bitmoji’
- Tapáil ‘Bain Mo Bitmoji’
Tabhair faoi deara: Má chruthaigh tú Bitmoji trí Snapchat, scriosfar d’avatar Bitmoji agus gach earra faisin atá sábháilte i do Chlóisín go buan má dhínasctar é, lena n-áirítear earraí atá ceannaithe.